2017-06-08

D'aistritheoirí/ For translators

Gabhaimid buíochas leat

A Dhia
tá tú á aistriú againn,
foilsítear gach soicind thú
i ngach teanga ar domhan
láithreach bonn, ar fud an bhaill
i litríocht neamhfhoilsithe gach máthar

A Dhia,
níl an script ar eolas againn
i mbarróg ónár lámha
i bhfilleadh teann ár ngualainne
i gclais chliabhánach ár gceathrúna
i gcíocha lán de bhainne
agus roimhe sin, an fheoil sa bhroinn
beidh tú á aistriú againn
dílis i gcónaí don bhunbhriathar
tógtha le d'idéil go deo

A Dhia
ná déan báirseacha santacha dínn
bímis airdeallach i gcónaí i dtreo is
nach náireofaí an tagairt
ná héilímis cúiteamh ar an aistriúchán seo
ag do fhlaithiúlachtsa na cearta go léir

A Dhia
gabhaimid buíochas leat
as ucht sinne amháin a roghnú
mar aistritheoirí!

Lalita Siddabasavaiah