2017-09-18

Deamhain is Cré

Deamhain is Cré

Tá mo mhéar agam ar an truicear
Ach níl muinín agam as éinn’
Nuair a fhéachaim ort sna súil’
Níl ach deamhain is cré.
Táimid i bhfad ón seanfhód, Bobbie
Tá an baile i bhfad i gcéin
Braithim gaoth shalach ag séideadh
Deamhain is cré.

Tá Dia le mo thaobh
Is mé ag iarraidh teacht slán
Ach más é is brí le teacht slán
Teacht salach ar ghrá
Rud an-láidir uamhan, béibí,
Agus dubhaíonn an croí, sin é é,
Tógfaidh d’anam diaga
Le líonadh le deamhain is cré.

Bhuel, bhí taibhreamh a’m aréir
Do bhí fuil is cloch’ gach áit
An fhuil do thriomaigh sí
Is boladh ag éirí
Bhuel bhí taibhreamh agam fút, Bobbie
I ngort na láibe is na gcnámh
An fhuil do thriomaigh sí
Is an boladh ag éirí.

Tá Dia lenár dtaobh
Is sinn ag iarraidh teacht slán
Ach más é is brí le teacht slán
Teacht salach ar ghrá
Rud an-láidir uamhan, béibí,
Agus dubhaíonn an croí, sin é é,
Tógfaidh d’anam diaga
Le líonadh le deamhain is cré.

Níl aon bhean ar domhan ná fear ar bith
Nach mian leo seasamh leis an gceart
Faigh an grá atá Uaidh
Is an creideamh is an neart
Tá mo mhéar agam ar an truicear
Is anocht táim imithe ar strae
Nuair a fhéachaimse im’ chroí
Níl ach deamhain is cré.

Bhuel, tá Dia le mo thaobh
Is mé ag iarraidh teacht slán
Ach más é is brí le teacht slán
Teacht salach ar ghrá
Rud an-láidir uamhan, béibí,
Agus dubhaíonn an croí, sin é é,
Tógfaidh d’anam diaga
Le líonadh le deamhain is cré.
Yé, tógfaidh d’anam diaga
Le líonadh le deamhain is cré.

Devils and Dust

I got my finger on the trigger
But I don't know who to trust
When I look into your eyes
There's just devils and dust
We're a long, long way from home, Bobbie
Home's a long, long way from us
I feel a dirty wind blowing
Devils and dust

I got God on my side
And I'm just trying to survive
What if what you do to survive
Kills the things you love
Fear's a powerful thing, baby
It can turn your heart black you can trust
It'll take your God filled soul
And fill it with devils and dust

Well I dreamed of you last night
In a field of blood and stone
The blood began to dry
The smell began to rise
Well I dreamed of you last night, Bobbie
In a field of mud and bone
Your blood began to dry
And the smell began to rise

We've got God on our side
We're just trying to survive
What if what you do to survive
Kills the things you love
Fear's a powerful thing, baby
It'll turn your heart black you can trust
It'll take your God filled soul
Fill it with devils and dust
It'll take your God filled soul
Fill it with devils and dust

Now every woman and every man
They wanna take a righteous stand
Find the love that God wills
And the faith that He commands
I've got my finger on the trigger
And tonight faith just ain't enough
When I look inside my heart
There's just devils and dust

Well I've got God on my side
And I'm just trying to survive
What if what you do to survive
Kills the things you love
Fear's a dangerous thing
It can turn your heart black you can trust
It'll take your God filled soul
Fill it with devils and dust
Yeah it'll take your God filled soul
Fill it with devils and dust