2017-10-27

Brúid Aisteach

Bagairt mé ar gach éinne a chastar orm

Ní luaithe san áit mé
ná go ndúntar doirse is fuinneoga
Nuair a fheiceann siad mé
iarrtar ar aíonna imeacht ar an dtoirt
Sleamhnaíonn siad óm' chaint
is féachann go himníoch ina dtimpeall
Titeann tost orthu
agus beartaíonn ar mé a ruaigeadh go grod

Gróigthe faoin mbord, seolann siad téacsanna
á rá le n'fheadar cé hé go bhfuilim tagtha
Glacann siad féiní im' theannta
is bailíonn leo
iad ag déanamh iontais dem' ghuth

Tá péire adharc péinteáilte ag duine éigin
os cionn mo bhlaoisce, is seó bóthair mé
Táim iompaithe im' bhrúid aisteach
ag duine éigin.

Perumal Murugan