2017-10-15

Cá bhfuilimid?

Dán le Thomas A. Clark is ea The Hidden Place. Ní gnáthdhán é. I bhfoirm léarscáil na hAlban atá an dán seo agus in áit na logainmneacha tá frásaí mínithe a léiríonn cad is brí leis an logainm áirithe sin.

Feicimid fógraí bóthair ar fud na hÉireann anois agus uimhreacha orthu agus is gearr nach mbeidh cuimhne níos mó ar ainmneacha na mbailte fearainn, gan trácht ar a mbrí agus an stair a bhaineann leo. Ionsaí ar an stair, ionsaí ar an oidhreacht is ea a leithéid sin agus is ceart cur ina aghaidh go tréan.

Ní in Éirinn agus in Albain amháin atá filí buartha faoin meath seo. Duine de mhórfhilí na hIndia ab ea Dilip Chitre a dúirt an méid seo a leanas:

Ní mór dúinne filí ár n-éiceolaíocht agus ár ngnáthóg a bhrath i dtéarmaí teanga de agus gach a dtugann cothú don teanga. Ba chóir go mbeadh alltacht orainn faoin gcreimeadh atá ar siúl ar cháilíochtaí áitiúla agus réigiúnacha, bás na gcanúintí, traidisiúin béil ag meath agus an béaloideas ag dul i léig.
I gcás na hAlban de, is mósáic cheart í stair na logainmneacha: chaithfeá tús áite a thabhairt do Ghaeilge na hAlban, ar ndóigh, ach gan dearmad a dhéanamh ar na dreamanna a chuaigh rompu, na Cruithnigh, abair, chomh maith leis na teangacha eile a d’fhág a lorg ina ndiaidh, Lochlainnis, Fraincis, Laidin agus Béarla na hAlban.

Creideann Clark gur cuid dá dhualgas mar fhile é a fháil amach cá bhfuilimid go díreach agus gan a bheith inár zombaithe i dtírdhreach aineoil.

Chun a cheart a thabhairt do Wikipedia, má lorgaíonn tú eolas ar bhailte na hAlban, tabharfaidh siad an bunleagan duit chomh maith leis an leagan Gallda: Airdrie, cuir I gcás:

(/ˈɛərdri/; Scottish Gaelic: An t-Àrd Ruigh).

Níl an sampla sin ródheacair ach cad faoi Lanark? Deir Wikipedia: Lanark (/ˈlænərk/; Scottish Gaelic: Lannraig,[2] Scots: Lanrik)[3] is a small town in the central belt of Scotland. The name is believed to come from the Cumbric Lanerc meaning "clear space, glade". Agus is é is brí le Pollockshaws ná lochán beag sna coillte.



Is togra mór é The Hidden Place – ní dán amháin é -  agus ba mhaith leis an bhfile a chuir tús leis an togra, Thomas A. Clark, comharthaí bóthair a chur á dtógáil ar fud na hAlban a inseoidh don taistealaí cá bhfuil sé go díreach agus an cúlra iontach a bhaineann leis an logainm.

Is léir ón dán seo leis (a d’aistríos ón mBéarla) gur foinse inspioráide dá chuid filíochta leis iad na logainmneacha:

coire fhionn lochan

Thomas A. Clark


slaparnach na dtonnán
Thomas A .Clark
[Grianghraf: Scottish Poetry Library)

briseadh na dtonnán
leathnú na dtonnán
díomhaointeas na dtonnán

lapadaíl na dtonnán
síothlú na dtonnán
cruinniú na dtonnán
borradh na dtonnán

crith na dtonnán
damhsa na dtonnán
sos na dtonnán
claon na dtonnán

léim na dtonnán
scriobláil na dtonnán
portaireacht na dtonnán
glioscarnach na dtonnán

preab na dtonnán
fánaíocht na dtonnán
rith na dtonnán
splais na dtonnán