2017-11-20

Tanka le cuid de na máistrí

Chum Akiko Yosano (1878–1942) thart ar 40,000 tanka i gcaitheamh a saoil.
Akiko Yosano
Feimineach agus síochánaí ab ea í:
iompóimid inár dhá réalta -
ach go dtí sin
ná cuimhnímis
ar ghuth an fhómhair
a chualamar ón leaba chéanna


 


Ishikawa Takuboku
Ní fada a mhair Ishikawa Takuboku (1886–1912), máistir tanka. Scríobhadh sé sa chló Rómhánach chun nach mbeadh a bhean in ann a shaothar a léamh: 
dúnaim mo shúile 
ach ní thagann faic
isteach i m'aigne
le teann uaignis
osclaím arís iad

Scríbhneoir ficsin agus scríbhneoir do leanaí chomh maith le bheith ina fhile ab
Kenji Miyazawa
ea Kenji Miyazawa (1896–1932):

breacadh an lae
mám sléibhe
ceo ar fán agus tríd -
geall le bheith dobhraite -
boladh trátaí glasa

Mac le húinéir siopa leabhar agus foilsitheoir iris liteartha ab ea Shūji Miya (1911–1986):

ar mo bhealach abhaile
ón láthair oibre
stopaim chun breathnú
ar ghlasraí á spraeail le huisce
sa siopa grósaera