2017-12-16

Gealt le Parimal Hansda

Eight melancholic, introspective poems by Parimal Hansda on being a Santhal today

(aistrithe ón Santáilis go Béarla ag Hansda Sowvendra Shekhar)

Tá saol aige siúd leis agus gach a mbaineann leis sin
Lúcháir, áthas, dobrón - tá gach aon ní aige
Labhrann sé, gáireann sé, tagann goimh air
agus deineann go leor leor rudaí eile
nach eol d'éinne ach é féin amháin
Cónaíonn sé sna stáisiúin traenach agus stadanna bus
in Panskura agus Mecheda
Giobal éigin fáiscthe timpeall a choim
nach gcoinníonn an fuacht amach
Ní bhíonn de lón laethúil is dinnéar aige
ach fuílleach ríse ó bhialanna cois bóthair
Ní thuigeann na Dikus
rómhaith é
Mar nuair a labhrann sé, is Santáilis,
a theanga dhúchais, a labhrann
Agus nuair a bhíonn dóthain ina bholg aige
tosnaíonn sé ag canadh amhráin Baha agus Sohorai go sásta.

Buailim leis go minic ar mo shlí abhaile
ón oifig
Tógaim roinnt sóinseála amach as mo phóca -
Rúipí nó dhó - le tabhairt dó
Cuireann sé sin gliondar air agus ghealfadh sé do chroí
Bheith ag  breathnú air
Fiafraím de faoina bhaile dúchais
agus bíonn sé ag iarraidh cuimhneamh siar
ach seans nach cuimhin leis
Ach is cuimhin leis a bhean ceart go leor
A hainm ar a bheola
agus nuair a fhiafraímse de ina taobh, ar seisean
D'éalaigh mo bhean agus mac cheannaire an tsráidbhaile le chéile
agus radharc maith ag an domhan mór orthu.