2018-01-12

Dánta leis an bhfile Concáinise Soter Barreto

Gearán an Patranv

Deir an Patranv
‘Ná béic gan ghá
Ná caill an cloigeann
Ná cuir tús
Le clampar.
Labhair go séimh
Léirigh comhbhá.'

D’éirigh an Patranv
An mhaidin sin
D’ith uibheagán
De cheithre ubh
Bhí arán aige
Le him is subh
Agus d’ól
Gloine bhainne.
Tá ocras fós
Ar na hoibrithe.
 

[Focal Concáinise é patranv, ón bPortaingéilis  Patrão a chiallaíonn ‘saoiste’]

Ingne

Ní raibh ingne
Ar bith ar an máthair, an créatúr
Agus í ina baintreach.

Bhí na hingne sin ídithe
Agus í ag sclábhaíocht
Ar a son.

Níor dheineadar san
Aon ní eile
I gcaitheamh a saoil
Ach snas a chur ar a gcuid ingne –
Dathanna deasa!

Táim gan Suan

An bhfuil goimh ort?
Led’ thoil, éist liom!
Ar m’fhocal
Ní raibh tuairim riamh agam
Conas suirí
A dhéanamh leat
Súil a chaochadh leat
Conas do dhlaoithe a mhuirniú
Cén seampú
Púdar
Nó ungadh a thabharfainn duit
Cá dtabharfainn thú
Le haghaidh uachtair reoite
Nó conas barróg a bhreith ort
Conas tú a mhealladh
Is mil a chuimilt leat
Ní raibh tuairim faoin spéir agam
Conas tabhairt faoi
Mar sin féin
Ní fhéadfainn
Scaoileadh leat
Cén fáth, fiafraím díom féin. Cén fáth?
Tá sé seo ag tarlú le mí anuas
Nuair a smaoiním ort
Istoíche
Bím gan suan.
 

Go naofar d’ainm

A Dhia
Go naofar d’ainm
Sa teampall
Sa mhosc
San eaglais
Sa ghurdbhara
Bíodh an t-impíoch
Ina Ram
A Rahim
A Rosario
A Ranjit
A Dhia
Go naofar d’ainm
Go naofar d’ainm

Srón an Aire

Tá muintir na tíre
Agus a gcuid laindéar ar lasadh acu
Ag fánaíocht thall is abhus
Sa tóir ar a shrón
A chaill sé
Nuair a deineadh Aire de.
 

Fiabhras ag dul in olcas 

Tá ocras orm
Gan bhia
Tá tart orm
Gan uisce
Tá tinteán ann
Gan adhmad
Feirmeoir
Gan ghoirt
Céachta
Gan daimh
Níl conair agam
A siúlfainn uirthi
Níl oíche ann
Chun go gcodlóinn
Níl lá ann
Chun go ndúiseoinn
Tá fiabhras orm
Gan kanji a chothódh mé
Níl airgead agam
Chun nimh a cheannach
Níl radharc
Ar chrann
Dom bhreocharn
Ná dom’ chónra

An Kaxtti a Chaithim

Tháinig sé
Agus ghlac grianghraf
Den kaxtti a bhí orm.
Bhí clú agus cáil ar fud an domhain
Ar mo kaxtti dearg.
Ghlac mo kaxtti páirt
I dTaispeántas
Agus bhuaigh duaiseanna
A chuir seisean ina phóca.
Níl ionamsa ar ndóigh ach kaxttikar bocht
I gcónaí.

(Bréid gabhail a chaitear i nGoa é an kaxtti, d’éadach dearg de ghnáth. Ní chífeá ar éinne inniu é seachas seanóirí thíos faoin tír)
================

Sa Choncáinis a scríobhadh na dánta seo agus táim buíoch de Augusto Pinto a chuir Béarla orthu.